Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)

Suíomh:
Baingear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Énrí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Beannchor Iorrais
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Seanscéal - An Gabha Tútach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gaba ann fadó agus ní ráibh sé ín-ann rud ar bith a dhéanamh. Lá amháin tháinig marcach cos-noctúighte chuige agus é ar dhruím capaill. D'iarr sé ar an ngabha crúdh a cuir ar an gcapaill agus dúbhairt an gabha nach raibh sé in-ann rud ar bíth a dhéanamh acht iarrainn céachta. D'íarr an marcach air annsin a dtiúbharfad sé íasacht an ceárdchain dó. Dúbhairt an gabha go dtiúbharfadh sé dó é agus failte. Annsin rinne an marcach na crúidhthe do'n agus núair a bhí siad réid ar fad aige d'imthígh sé amach agus bhain sé cós de'n capaill. Tug isteach é agus chuír sé an crudh uírthe. Rínne sé an cleas céadhna leis na trí cosaí eile.
    Dúbhairt an gabha leis fhéin go raibh capaill aige agus gur theastuigh crúidhte uaídh. Rínne sé dá crúdh. Bhaín sé na cosa de'n chapaill. Thug sé iarracht ar na cosa a chuir ar an gcapaill aríst acht sháruigh air. Chuir sé amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0753: Christ and the Smith
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac Énrí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baingear, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seán Bairéad
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo