Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)
- Suíomh:
- Baingear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Énrí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)is tugróchas tusa agus ma orduígheann tú dó'n iall ceangal a dhéanamh ceanglóchaidh sé fhad is tugróchas tusa"
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go ceann tamaill eile gur eirigh an bíadh gann arís agus dubhairt an t-amadán go gcháithfeadh sé an dara bó a díol. Lá thar na bhárach búail sé bóthar go Crois Uí Maoílfhiona agus casadh an ceannuighteóir céadhna leis.
"Cé mhéad ar an mbhuín"
"Cúig phunt" arsa an t-amadán
"Ní thiúbharfadh mé cúig punt duit acht bearfaidh mé luchóg agus promparlán duít"
"Ce'n maith domsa lucóg agus promparlán"
"Ta" arsa an ceannuíghtheóir
"Má orduígheann tú do'n lucóig damhnsa a déanamh
damsocaidh sé agus má orduígheann tú do'n promparlán seínm a deanamh seinfhidh sé duith"
Le sin cuir sé an lucóg agus an promparlán in-a phoca agus as go bráth leis abhaile.
Nuair a chonnaic an mathaír an margadh a fúair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Mac Énrí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baingear, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Uí Ghíontaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo