Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 102
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le dhá bhliain anuas. Gheobhtar deich bpunnta, ocht bpunnta, chúig phunnta an tonna mar luach orthu.
Nuair a bhaintear na fataí, fágtar na fataí a bhéas acu i gcóir síl ar an talamh ar feadh seachtainne go mbeidh siad dóighte ag an ngrian.
Cuirtear isteach ansin iad i mboscaí geinte. Fágtar ar lochta iad nó déanta suas ar a chéilei scioból iad. Ní mór an solus a, an ghrian a bheith acu nó beidh na bachlóga ró-fhada, ró-mhín, agus briseadar iad nuair a chuirtear iad. Má tá solus na gréine acu ní bheidh napéicíní thar leath orlaith ar fhad, beidh siad láidir ramhar , dath glas orthu.
Cuirtear ab síol ins na boscaí geinte i lár na tsamhraidh, cuirtear na fataí (Ní scoilteáihn iad ach fataí iomlána) i mí na bhfaoillighe. Bíonn siad ion-bhainte i lár na Bealtaine nó deireadh na Bealtaine, má thagann bliain mí-fhábharachbíonn trí thonna acu ar cheathramhadh acra . "Epicure" an t-ainm atá agam ar bhfata luath.
Ní bhíonn mórán aoiligh ag feilmeoirí anseo, an méid a bhíonn acu cuirtear ar an bhféar é.
Cúram na bhfataí :- Ní fhaca mé fataí dá sáthadh anseo ariamh. Ní rómhartar nó ní threabhtar an connlach. Scartar an leas farraige ar na sean-iomairí atá le feiceáil go soiléir, chúdaítear an leas, na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)