Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Na Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Fataí 23/9/1938
    Cur na bhfataí: Ullmhaightear an talamh, fá chomhair na bhfataí san ngeimhreadh. Déantar iomairí leis an tsluasaid i ndiaidh an sioc a shíosgadh le spáid.
    Cuirtear leas farraige ar na h-iomairí ar feadh an gheimhridh. Tagann an leas isteach ar an gcladach le stoirm, bítear ina suidhe ar a ceathair a chlog ar maidin ag iarraidh díol na bliana fhágail. Is minic a dhéantar drilleanna anois le céachta ná iomairí.
    Déantar na hiomairí ar thalamh fliuch portaigh, déantar úsáid dena seochanna céanna bliain i ndiadh bliana. Déantar na hiomairí go han-leathan ar thalamh bog portaigh, fánaidh orthu ón taobh thiar leis an gais a shábháil ón ngaoth aniar. Ní bhíonn na scoilteáin ar thalamh den chineál seo thar ocht n-orlaigh óna chéile. Leagtar iad, ní sháightear iad sa gcré mar is gnáthach leas farraige a chuirtear air na drilleanna chomh maith, leagtar na scoilteáin air tuairim deich n-orlaigh óna chéile, scoiltear na drilleanna le céachta más paiste mór é agus le sluasaid mar a bhfuil ann acht cúlán.
    Na Fataí Luatha
    Saothruightear go leor fataí ar an talamh gainnimh i nDhubh Thuama. Bíonn leath acra ag an bhfeirmeoir, bhí dhá acra ag Séamus Ó Mongáin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac Thámhais
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)