Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 030
- XML “An Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Na Clamairí (na buachailli thuighe)Nuair a bhíonns bainfheis mhór i dteach an chailín nuadh-phósta teidheann na clamairí go dtí é.
Bíonn caiptín ortha agus caithfidh síad féin a iomchur mar déarfaidh sé. Bíonn síad fá n-a spraic mar a bhíonn saighdiúrí san arm fa spraic a n-oifigeach féin. Siubhlann siad mar shaighdiúrí ar an mbóthar isteach agus amach go teach na bainfheise. Tóigeann an caiptín an cailín nuadh-phósta amach ag damhsadh agus nuair a bhíodh siad ionann rinnce a dhéanamh sheasadh gach a mbiodh i láthair ag anc ortha.Gléas
Bíonn na clamairí gléasta i léinteacha geala. Bíonn hatai árda déanta as luachair ortha. An t-íochtar nó an chuid de'n hata a bhíonns thart fá an gceann bíonn sé fighte go deas, agus na brobhanna eile ag éirghe i náirde agus iad ceangailte, fáisgighthe i naice an bharr.
Seo pichtiúr an hata. /\
Ba deas an radhairc íad a bhfeiceál ag siubhal ar an mbóthar oidhche gheal
Táthar ag éirghe ró-leisgeamhail anois na hataí úd a dhéanamh agus is minic gur cáibíní a bhíonns ortha agus éadach anuas ar a n-éadan le n-a gceann-aghaidh a chlúdú.An fháilte a bhíodh rómpa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Thámhais
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo