School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 221
- XML “Bóithre an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ós a chinn ins an spéir agus tháinig ar rud sin go mall reidh anuas ó'n spéir go dtí gur luigh sé ós a chomhair ar an mbótar agus ceárd a bhí ann acht páiste beag. Bhí an fear ag cur alluis go tuigh agus bhí faitcíos an domhain air acht níórbh mhaith leis an páiste a fhágaint annsin. Sa deireadh do thóg sé an páiste leis go dtí Tabhnach Cnámh. Nuair do shrois se na tighthe bhí fhios aige cerb leis an páiste mar do bhí páiste óg ins an dhá teach agus an pháiste a bhí teach Sheridan bhí sí ar iarraidh agus bhí a máthair agus a h-athair 'ga caoineadh. Chuireadh an pháistí san cliabhán slán an oidhche roimhe sin agus nuair d'éirigeadar ar maidin bhí sí imtighthe. Dubhairt an táílliúir leo go bfuar sé páiste ar an mbóthar, agus do theasbain se an páiste doíb. Bhí áthas an domhain orra mar do e a bpáíste a bhí ann.Nuair tháínig an táilliúir abaile bhí a pháiste féin marb agus se bás ar an am céadhna is a fuair a athair an páísti eile ar an mbóthar. Deirtear gurb iad na sidheóga a ghoid an bheirt páistí.
Brígid Ní Chuimilín
Gort- Collector
- Brígidh Ní Chuimilín
- Gender
- Female
- Address
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Áine Bean Uí Cuimilín
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- An Gort, Co. Mhaigh Eo