Volume: CBÉ 0352
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
Seanchas (continued)
“Bhál, nuair a bhí mise mo ghasúr...”
(continued from previous page)i gheall ar chuideachta, Ní rabh aon scoil i n-Atha na-gCoire acht aon cheann amháin, Ní rabh aon scoil i loch an lubhair, Ní rabh aon scoil i Mín na Leice, Ní rabh aon scoil a’ taobh seo ’n tráigh acht a’ ceann a bhí i n-Atha-na-gCoire. Teach beag cheann toigheadh a bhí ann, agus bhí ’n teach sin líónta, a dtiocfadh leis
a chongbhailt; gasraí ’lig, agus ba é ’n obair a bhí orainn nuair a gheobhaimíst amach, d'imtheochaimís ’na trágha. Bhí ’n tráigh a’ teacht isteach ag ar dtaobh, agus d'fhiachadh ’acha’n bheirt dhá char(i), agus nuair a
beadh a’ charaideacht thart, d’imtheochaimis ’na bhaile.
Bhí muid aon lá amháin, agus bhí gasúr aca i n Atha-na-gCoire, a bhí ’na charaidhe mhór, agus chuir siad é fhéin agus mise le chéile, leag mise é, chan
cionnas mé féin a ráidt, agus lean siad anuas cupla lá na dhiaidh sin muid agus toisigh siad 'a chathadh mónadh orainn. Bhí dha sheanduine ar a’ chasan ’na gcomhnuigh agus d'éirigh ’n bheirt amach, agus chuaidh fear acu ’na cheannphuirt, ar ’acha’n failte againn, agus thoisigh muid go dtí gur chaith muid moin
ar a chéile go dtí gur tuirsigh muid muid féin.
Lá thar na bhárach, bhí muid ar a’ scoil arais, agus ní rabh dhath dó. Ba sin ar n-obair ’a’n uile
(i) wrestling.(continues on next page)