Volume: CBÉ 0352
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)'S mise ag amharc ar mo leanán.
ag fear eile da bréagadh. - Seo abhran a chumadh fa fhuireann báid a chailleadh le linn iasgaireacht sgadan ar a’ chósta seo fad ó shoin. Ba é athair fir acu a chum a’ t-abhrán. Fuair Nellie an t-abhran ó Phadaí Mac Phaidín as Rann-na--Feirsde.
1.
Fuireann a’ bháid a b’fheárr a d’fhág lnnis fraoich.
Siad a’ tarraingt ’san áit a rabh bádaí na scadan ’na luighe
Ar a’ bhuilg gur fágadh iad ’s gan tárrthail ortha faraor,
'S mo bhuachaillín bán deas a sheinnfeadh ’n fhideal 's a’ phíob.
2.
Ba mheasa liom-sa Eoghan nó scór de fhearaibh a’ tsaoghail,
'Sé bhainfeadh ar bórd ’s nach mór a lagaidh sé ’n tír
Tá Macan bocht buadhartha, Nóra bheag ’s a inghean,
'S is dóigh liom ar ndóigh go bhfuil dólas mór fada(continues on next page)