School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Location:
Kilkee, Co. Clare
Teacher:
Máire Gromail

Filter stories

Back
/ 153 Forward
Resolution: Low | High
Leipreacháin agus Murúcha

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 079

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ainm eile ar an leipreachan 'sa cheanntar seo 'seadh clurachan. Fadó nuair a cheapadh na daoine go raibh sidheoga ann do tugtai leipreachan ar fhear bheag. D'reir na ndaoine bionn casóg glas, hata mór dearg, agus briste ar an leipreachan, agus bionn se 'na shuidhe ar bheachan ag deanamh brog.
Uair amhain bhi fear amuigh 'san oidhche agus bhi fhios aige go raibh a lán óir ag an leipreachan. Thog sé an fear beag 'na laimh agus dubhairt sé "Tabhair dom cuid de'd or ma's e do thoile"; "Leig sios i dtosach mé" arsan leipreachain agus do scaoil sé a greim. "Tá sé thall ann sin" arsan leipreachan. "Ce'n áit"? arsan bhfear. "Fe'n gcrann sin" a deir se ach nuair a d'fheuch an fear na timcheall airis bhi an clurachan imthighthe. Má eidhtear leipreachan san oidhche na baintear an dá shuil do fhaid a bhionn sé ann.
Fadó cheap na daoine go raibh Murdhuacha ann chomh maith le sideoga. Deirtear go mbionn na murdhuacha 'r snamh ar an bhfairrge. Nuair a bhionn an barr-taoide ann bionn cubhar bán ar an

(continues on next page)
Collector
Bernadette Nic Chonmhara
Gender
female
Address
Kilkee, Co. Clare
Informant
Seán Mac Conmhara
Gender
male
Age
60
Occupation
báicéir
Address
Kilkee, Co. Clare
Language
Irish