Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainm eile ar an leipreachan 'sa cheanntar seo 'seadh clurachan. Fadó nuair a cheapadh na daoine go raibh sidheoga ann do tugtai leipreachan ar fhear bheag. D'reir na ndaoine bionn casóg glas, hata mór dearg, agus briste ar an leipreachan, agus bionn se 'na shuidhe ar bheachan ag deanamh brog.
Uair amhain bhi fear amuigh 'san oidhche agus bhi fhios aige go raibh a lán óir ag an leipreachan. Thog sé an fear beag 'na laimh agus dubhairt sé "Tabhair dom cuid de'd or ma's e do thoile"; "Leig sios i dtosach mé" arsan leipreachain agus do scaoil sé a greim. "Tá sé thall ann sin" arsan leipreachan. "Ce'n áit"? arsan bhfear. "Fe'n gcrann sin" a deir se ach nuair a d'fheuch an fear na timcheall airis bhi an clurachan imthighthe. Má eidhtear leipreachan san oidhche na baintear an dá shuil do fhaid a bhionn sé ann.
Fadó cheap na daoine go raibh Murdhuacha ann chomh maith le sideoga. Deirtear go mbionn na murdhuacha 'r snamh ar an bhfairrge. Nuair a bhionn an barr-taoide ann bionn cubhar bán ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bernadette Nic Chonmhara
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Conmhara
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Báicéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir