School: Kilfenora (B.) (roll number 2155)
- Location:
- Kilfenora, Co. Clare
- Teacher: P. Mag Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kilfenora (B.)
- XML Page 068
- XML “Nósanna is Pisreoga atá Mór timpeall Leacht Uí Chonchúir”
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tighe cúpla lá roimh oidhche Nodlag.
- Ar an lá seo téigeann buachaillí an Dreóilín mór thimcheall ag bailliú airgid an lá seo chun an dreóilín a chur. Bíonn na gasúir ag tóruíocht dreóilín ar feadh cúpla seachtmhaine roimh an Nodlag. Nuair a bheireann siad air marbuigeann siad é agus ceanglann siad é ar craobh cuilleann nó craobh udhneáin.Cuireann siad ribíní de gach dath ag crochadh ó'n tor nó craobh. Beireann siad an craobh seo leo nuair abhíonn siad ag bailliú airgid. Teasbánann siad an dreóilín marbh chun a teasbáint go bhfuil siad dá ríríbh agus nach bhfuil siad ag lorg déirce.Bíonn fiche no ceathrar deag de gasúin ann. Ins an sluag seo bíonn "Oinseach" agus "Amadán" agus iad clúdúighte i gculaith ait. Bíonn gach fear clúduighthe le eadaí strachtaighthe agus eadaigh greannmhaire. Bíonn buailteán 'na taimh ag gach duine aca. Bíonn "bladder" de muice ag an(continues on next page)