School: Kilfenora (B.) (roll number 2155)
- Location:
- Kilfenora, Co. Clare
- Teacher: P. Mag Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- File an Cheanntair:- Seán Ó h-Uaithnín (Green)
Do chómhnuig a chlann i Doirín, Cillseannaigh ibParáiste Liosceannúir. Ba leis a chlann Teach Tullach Mhoír agus an dúthaigh mór timcheall an tighe. Ní foláir nó go raibh comhacht tabhachtac aca mar thóg an Riaghaltas a bhannaí nuair a chuaidh sé (athair an file) imbannaí igcóir sagairt paróiste Innisdiomáin go mbeadh siad dílis do'n Ríogh. Rinne an athair an rud céadna igcóir sagairt Paróiste Liosceannúir agus na paraísdí eile. (1704)Bhí beirt mhac ins an clann - bhféidir níos mó ná beirt - ach bhí beirt ann ar cuma ar leith, Domhnall agus Seán. Chuaidh Domhnall i loingeas na Spáin agus rinneadh Árd Admiral de. Tháinig sé abhaile uair amháin agus do bhronn sé cáilís ar teach phobhail Liosceannúir.Duine leigheanta ab'eadh Seán agus is léir ó na chuid filiochta gur thuig sé go maith staid na gCatoiliceach le na linn .....go mór mór Catoilicig mar é féin abhí leigheanta. Igceann amhaín den'a chuid amhrán do cháin sé an Riaghaltas dá bhárr na droch dlíghte a chuir siad ibhfeidhm. Thóg an Riagaltas é ós cóir na Cúirte agus is cinnte go bhfuigeadh sé pionós trom marach an deagh-gníomh a rinneadh Micheál Ó Cuimín (Úghdar "Laoí Oisín")Produstunaig dob'eadh Micheál Ó Cuimín, agus ar(continues on next page)