School: Kilfenora (B.) (roll number 2155)
- Location:
- Kilfenora, Co. Clare
- Teacher: P. Mag Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lá na Cúirte. In Innis, do glaodhadh ar Micheál chun beurla a chur an Dán Gaedhealach abhí igceist. Do chuir Micheál an leagan beurla ab'fearr arb'féidir leis a chur air. Do saoradh é.Do chum sé agus do scriobh sé dánta grádh, dánta óil agus dánta politiochta. Do thosuig sé ar an ólachán agus chaith sé cuid dá shaoghal ag ól agus a' baint pleisiúr as. Chuaidh sé leis an olachan toisg go raibh na dligthe no luighe go trom ar Catoilicig mar é féin. Indeire(?) thóg sé an Spáinn air feín, go dtí a dhriotháir. Tásg ná tuairisg de indiaidh sin níor fuaradh. Fuair sé bás annsin.Is é an bearla ceart atá ar ainm ná Green. Tugann an Dean Mach Faoite, ughdair de stair Chonndae a' Chláir, "Cooney" mar an leagan beurla ar a ainm ach níl sé sin ceart. Do chómhnuig sliocht Seáin ins an gceanntair go dtí le goirid. Bhí Tomás Ó h-Uaithnin, "Estáte Agent" in a chómhnuidhe in Innis. Do chómnuig an Tomás seo uair amháin i Teach Doire. Do shíolraig clann Mach Sionann as teach Riovlí (?) agus muinntir darb' ainm Strech(?) ós Cillseannaigh ó Sheaín.Cathain a mhair sé? Bhuel is féidir linn é sin a fhreagairt ach smaoineadh ar Micheál Ó Cuimín(continues on next page)