School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- XML Page 132
- XML “Laethanta Áirithe agus Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seo sgeal mar geall ar maidin Bealtaine.Bhí bean darb ainm Máire Ní Mhadagán na comhnuidhe i Sráíd na Cathrach fadó, agus bíódh sí amuigh oidhche Bealtaine ag iarraidh íme do thóaint ó na cómharsan. Bhí fear na chómhnuidhe inaice léi algus bhí eagla air roimh Mháire. Pér domhain é d'fhán sé na shuidhe an oidhche sin, agus chuaidh sé i bhfolach taobh thiar dá chlaidhe féí. Bhí sé timcheall a sé a chlog ar maidin, agus bhí an teine síos aige agus bhí an deatach ag éírghe in áirde sa spéír. Leis sin ar an dtaobh eile den claidhe chuala sé Mháire a rádh, ím an deatach san ar mo chuid bhainne san. Annsin dubhairt an fear, Leath san agamsa a Mháíre Ní Mhadagán.
Chuaidh bean amach maidin Bealtaine agus nuair a tháíngi sí isteach dubhairt sí:"Chualas an chuach ag labhairt im chúil (?)
"Chonnachas an girrfiadh ar dhrúcht,
"Chonnacas uan dubh agus a thóin liom
agus bhí fhios agam nách n-éireóchadh an blian liom.
Sar a raibh an blian thart fuair a mac bás.