School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. Clare
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do dheintí lán coinneal ins gach tig fadó. Do deintí iad as lard an ghabhair. Do bhíodh glaodhach maith ar gabhairíbh an uair sin cun a gcuid lard d'fhagháil. Do bhí na coinnle sin ar nós coinnle an Nodlag anois, agus do thugadh siad solas maith uatha.Do deinead táirgní i Sráid na Cathrach fadó. Fear darb ainm Mícheál Steele a dheineadh iad. Ní raibh aon tslighe bheatha eile ag an bhfear sin, agus deirtear gur dhéin sé a lán airgid asta.Do bhí céardanna ag na mnáibh cómh maith is a bhí ag na fearaibh, ar a dtugtar figheadóireacht. Do dheineadh siad blancéid d'olann , agus báininí, agus culaití eadaigh leis.Do deineadh ciseáin ins gach áit beagnach an uair fadó, agus deintear iad in áiteanna fós, ar nós Inis Díomáin, Co. an Chláir. Deineann fear darb ainm Máirtín Ó Leafart (?) Búala Mascan, Sráid na Chathrach iad fós agus fear eiel darb ainm Tomás Ó Rynne ó Búala Dubh, Éadnuich iad fós.Níor doghadh morán aol san áit seó fadó, acht doghtí i bhfeirim Úa Búarcha(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó hÉaghráin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Mach Gill Máirtín
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Letterkelly, Co. Clare