Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do dheintí lán coinneal ins gach tig fadó. Do deintí iad as lard an ghabhair. Do bhíodh glaodhach maith ar gabhairíbh an uair sin cun a gcuid lard d'fhagháil. Do bhí na coinnle sin ar nós coinnle an Nodlag anois, agus do thugadh siad solas maith uatha.Do deinead táirgní i Sráid na Cathrach fadó. Fear darb ainm Mícheál Steele a dheineadh iad. Ní raibh aon tslighe bheatha eile ag an bhfear sin, agus deirtear gur dhéin sé a lán airgid asta.Do bhí céardanna ag na mnáibh cómh maith is a bhí ag na fearaibh, ar a dtugtar figheadóireacht. Do dheineadh siad blancéid d'olann , agus báininí, agus culaití eadaigh leis.Do deineadh ciseáin ins gach áit beagnach an uair fadó, agus deintear iad in áiteanna fós, ar nós Inis Díomáin, Co. an Chláir. Deineann fear darb ainm Máirtín Ó Leafart (?) Búala Mascan, Sráid na Chathrach iad fós agus fear eiel darb ainm Tomás Ó Rynne ó Búala Dubh, Éadnuich iad fós.Níor doghadh morán aol san áit seó fadó, acht doghtí i bhfeirim Úa Búarcha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hÉaghráin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Mach Gill Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir