Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trafrask, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)airis agus figidís iad cun an bon do deanamh agus figidís cupla sailige le na ceile cun mucairis an ciseáin do dheanamh agus figidís cupla sailige eile timceall ar sin cun é greamhúghad de'n chiseán.
Fadó deinidis a gcuid eadaigh féin san tuirnín se rud é an tuirnín ná roth ceap fearsad tromán istigh ins an rocan an trong ins an tromán agus é do casad ins an roth. Deanfad an muileann roithléacha de'n olann dóibh núair a bíod na roithleaca smíomhtha acu deinidís ceritlíní annsan cuiridís bataí isteach tríd an bfalla na ceirtlíní tríd na bataí agus deinidís slabhraí díobh cuiridís ceitre sratha a dheinead slabra. Núair a bíod an meid sin deanta acu tugaidís don fígeadóir é agus deineadh se sin pláinín de. Bíod sleamhain aighe cun plainín do deanamh de.- Bailitheoir
- Áine C. Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann