School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 165
- XML “Lios”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí mórán liosanna san oileán seo agus bhí ceann i gCurrach Beag. Lios ana mhór do beadh é agus bhí na sean daoine a rádh gur chuaidh fear saidhbhir isteach ann agus ná raibh sé ábalta ar teacht amach agus fuair sé bás istigh ann.
Chualadh fear a bhí i gCurrach Bheag an sgéal sin agus dúbhairt sé go raghadh sé isteach ann mar cheap sé go raibh alán airgid ag an bhfear a chuaid isteach.
Bhí gach aoinne a rádh leis gan dul isteach ann mar ná bheadh sé ábalta ar teacht amach acht ní thógfadh sé aon chómhairle uatha, sa deireadh do chuaidh sé go dtí an lios agus thosnuigh sé ag déanamh phoill mhóir.
Nuair a bhí sé ag déanamh an phoill do rith ainmhidhe beag bán amach as an bpoll agus do rith sé mór thimpeall an fhir agus taréis tamaill thánaigh réidh soluis mórthimpeall air agus thánaig sgannradh air agus thuit sé i luige agus d'eirigh sé breóidhte agus d'fhan sé annsan ar feadh tamaill mhaith.
Taréis tamaill chuaid a mhuinntire go dtí an lios féachaint cá raibh sé agus fuaireadar é i luige inaice leis an lios. Rugadar abhaile é agus chuireadar é ins an leabaidh. Bhí sé breóidhte ar feadh cúpla mí agus taréis san thánaig bean isteach go dtí a thig. Gobnait do'b ainm dí agus bhí sí i gcóimhnaidhe déanamh rudaí le cómhacht na ndraoidhthe. Dúbhairt sí leis ná bheadh sé(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Chuipéir
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry