School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 154
  3. XML “An Sionnach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Le linn ár sinnsear is mó iad na hainmhidhthe fiadhna a bhí san dtír. Ceann díobh san dob eadh an sionnach. Bhíodar san go hana flúirseach ar fad, agus níl ach foth cheann le feiscint indiú.
    Nuair a bhéarfaí ortha san, coimeádfaí na fionnaí. Bhí leigheas i dteannga an sionnaigh leis. Bainfidís an teanga de’n mhada ruadh mharbh chun é do chun é do chur le tineas éigint agus do bhíodh ceann díobh i ngach ceanntar.
    Bhí tíghearna talmhan ins an nGleann uair amháin agus bhí sgata madraí aige istigh in áit le fallaí árda tímpeall air. Bhí staighre ag dul suas go dtí a bharr ó’n dtaobh amuigh. Oidhche amháin chonnaic an tíghearna sionnach ar a bhárr agus é ag léimrigh agus ag feuchaint ar na madraí. Ní rabhadar ábalta ar é do mharbhú.
    An oidhche a bhí chúghainn chuaidh an Tighearna féin ag faire air, nuair a tháinig sé do chaith sé isteach imeasc na madraí é, agus do stracadar as a chéile é. Do choimeád an tíghearna an teanga. Do leigheas an teanga sin fear le tineas uabhásach in a láimh, agus deirtear go raibh sé tímpeall na h-áite go dtí le fíor déanaighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. foxes (~151)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Chúipéar
    Gender
    Female
    Address
    Tinnies Lower East, Co. Kerry
    Informant
    Máire Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Age
    73
    Occupation
    Pinsinéir
    Address
    Coarha Beg, Co. Kerry