School: Ráithín (C.) (roll number 9384)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Peig, Bean Uí Chróinín

Filter stories

Back
/ 124 Forward
Resolution: Low | High
Ráithín (C.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 045

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

an triúr acu go tarcuisneach air. “Airi a spailpín an magadh fúim ataoi” arsan feirmeóir. Thug sé an peann d’Eoghan “Sgríobh amach é nó cuir uait an magadh” ar seisean “agus ná bí ag cur ár gcuid ama amú.” Shuidh mo dhuine síos agus sgríobh an fógra seo amach an fhaid is a bheitheá ag rádh “cult” as san:-
“Reverend Sir, má’s é do thoil
Cuir i n-iúl do’n phobail Dé atá láithreach
Gur ag Conchobhair Ó Briain atá an scafaire tréan
An capall trí bliain is áille”
Tógadh ós cionn talmhan iad ach níor labhair éinne. Lá ar na mháireach nuair a léigh an sagart an fógra, ba mhaith a bhí a fhios aige gurbh é Eoghan a sgríobh é.
“Tá Eoghan Ruadh a bligéard inár measc airís” ar seisean, agus bhí ar Eoghan an bóthair a thabhairt air féin airís.

Language
Irish