School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 041
- XML “Aogán agus Maor Chorcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aodhagán agus Maor ChorcaigheFadó do bhíodh na feirmeóirí timcheall na h-áite seo go Corcaigh chun a gcuid ime do dhíol agus ar mhuin capall anáirde a théighidís. Bhíodh srathár-fhada acu ‘na gcuiridís an t-im.
Bhí feirm dheas ag Aodhagán i Screathán á Mhíl agus ba mhinic ar an mbóthar go Corcaigh é. Lá amháin chuaidh sé ann agus stail breágh cumasach aige. Thárla fhaid a bhí sé ann gur baineadh preab as an gcapall agus gur thóg sé ceann leis agus bhris pána gloine i siopa éigin.
Tháinig fear an t-siopa amac agus d’iarr ar Aodhagán costas an gloinne a thabhairt do ach ní dhíolfadh Aodhgán pingin leis. Níor dhein an siopadóir annsan acht dul a’ thriall ar an Árd-mhaor (Ní raibh “peelers” ann in aon chor an uair sin). Tháinig an t-Árd-Mhaor agus sluagh mhór ‘na theannta agus bhailigheadar go léir timcheall ar Aodhagán.
“Caithfir an fear seo a íoch as an gloinne a bhrisis” ar seisean le h-Aodhagán. “Deabhal pingin a dhíolfad” arsa Aodhagán "mar ní mise a bhris an fhuinneóg ach an capall agus nuair nár dheineas féin é ní cheart agus ní cóir é chur orm.” Ach ní raibh aon mhaitheas do ann mar dubhairt(continues on next page)