(continued from previous page)
dul agus an crann do ghearradh. Is ar éigin go raibh an mach thuas sa chrann agus tosnú déanta aige nuair do shleamhnuigh cos leis agus slán mar a n-innstear é greamuigheas idir dhá ghéig é agus tachtad é sár a raibh sé d’uain ag aoinne é a shábháil: Bhailigh scata thart ar an gcrann agus iongnadh ortha.
Do thárla go raibh Aodhagán ag gabháil thar bragháid agus chuaidh sé isteach comh maith le cách. D’fhéach suas ar an gcrann agus labhair mar seo:-
“Is maith é do thoradh a chrainn
Rath do thoradh ar gach craobh
Is truagh gan crainn Inse Fáil
Lán det’ thoradh gach aon lá”
Bhí an Mhinistir ‘na sheasamh tamall uaidh agus cheap sé gurbh amhlaidh a bhí sé ag caoineadh a mhic. Cuir sé a lámh in a phóca agus thairg aníos dhá phingin agus thug sé d’Aodhagán iad. Do thug Aodhagán iad agus do labhairt sé air mar seo:-
“Mo graidhn mo mhínistir a thug an dá phingin dom
I dtaobh a leanbh a caoineadh
Íde an duine sin ar a gcuid eile acu
Síos go h-eirbeall an tighe acu.
Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:-
Padruig Ua Donnchadha
A Seoladh:- Liosbáibe. Lios-na-gCeann, Cill-Áirne
A aois – 66. A ghairm-bheatha – Feirmeóreacht