Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
An Ráithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráithín (C.)
  2. XML Leathanach 041
  3. XML “Aogán agus Maor Chorcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aodhagán agus Maor Chorcaighe
    Fadó do bhíodh na feirmeóirí timcheall na h-áite seo go Corcaigh chun a gcuid ime do dhíol agus ar mhuin capall anáirde a théighidís. Bhíodh srathár-fhada acu ‘na gcuiridís an t-im.
    Bhí feirm dheas ag Aodhagán i Screathán á Mhíl agus ba mhinic ar an mbóthar go Corcaigh é. Lá amháin chuaidh sé ann agus stail breágh cumasach aige. Thárla fhaid a bhí sé ann gur baineadh preab as an gcapall agus gur thóg sé ceann leis agus bhris pána gloine i siopa éigin.
    Tháinig fear an t-siopa amac agus d’iarr ar Aodhagán costas an gloinne a thabhairt do ach ní dhíolfadh Aodhgán pingin leis. Níor dhein an siopadóir annsan acht dul a’ thriall ar an Árd-mhaor (Ní raibh “peelers” ann in aon chor an uair sin). Tháinig an t-Árd-Mhaor agus sluagh mhór ‘na theannta agus bhailigheadar go léir timcheall ar Aodhagán.
    “Caithfir an fear seo a íoch as an gloinne a bhrisis” ar seisean le h-Aodhagán. “Deabhal pingin a dhíolfad” arsa Aodhagán "mar ní mise a bhris an fhuinneóg ach an capall agus nuair nár dheineas féin é ní cheart agus ní cóir é chur orm.” Ach ní raibh aon mhaitheas do ann mar dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge