School: Ráithín (C.) (roll number 9384)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Peig, Bean Uí Chróinín

Filter stories

Back
/ 124 Forward
Resolution: Low | High
Ráithín (C.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Tá an iomarca phiobair ar an gloine sin taobh leat
Ith do dhóithín agus ná h-ól aon rud
Imthigh a chailín is mo bheannacht go léir leat
Cuirfead-sa an gloine do dhuine acu féinig”

Do dhein sé amhlaidh agus tháinig sé saor as
Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:-
Peig Ní Mhureadha
A Seoladh:- Cnoicínagamhan. Lios-na-GCeann, Cill-Áirne
A aois – 86. A gairm-beatha – bean Feirmeóra

Aodhagán Ó Rathaille agus an Ministir

Bhí Ministir ‘na comhnuidhe i Mucros tráth – le linn Aodhagán agus bhí gabháltas breágh talmhan aige. I gcúinne na feirme bhí roilig agus tobar beannuighthe istigh ann. Bhí crann ag fás taobh leis an tobar. Thárla go raibh géaga an chrann ag fás thar teorainn gáirdín bláth an Mhinistir agus go raibh díoghbhail a dhéanamh acu dos na bláthanna.
Chuir an ministir fios ar a lucht oibre agus d’órduig dóibh an crann a ghearradh anuas. Ach ní corróchadh duine mar catoilicigh a bheadh iad go léir agus mheasadar go raibh an crann beannuighthe ó thárla é bheith ag fás comhgarach do’n tobar. Sa deire sholáthruigh sé tuagh dá mhac féin agus dubairt leis

(continues on next page)
Informant
Padruig Ua Donnchadha
Gender
male
Age
66
Occupation
feirmeoir
Address
Lisbabe, Co. Kerry
Language
Irish