Tá an iomarca phiobair ar an gloine sin taobh leat Ith do dhóithín agus ná h-ól aon rud Imthigh a chailín is mo bheannacht go léir leat Cuirfead-sa an gloine do dhuine acu féinig” Do dhein sé amhlaidh agus tháinig sé saor as Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:- Peig Ní Mhureadha A Seoladh:- Cnoicínagamhan. Lios-na-GCeann, Cill-Áirne A aois – 86. A gairm-beatha – bean FeirmeóraAn Ghlas GhaibhneachAodhagán Ó Rathaille agus an Ministir Bhí Ministir ‘na comhnuidhe i Mucros tráth – le linn Aodhagán agus bhí gabháltas breágh talmhan aige. I gcúinne na feirme bhí roilig agus tobar beannuighthe istigh ann. Bhí crann ag fás taobh leis an tobar. Thárla go raibh géaga an chrann ag fás thar teorainn gáirdín bláth an Mhinistir agus go raibh díoghbhail a dhéanamh acu dos na bláthanna. Chuir an ministir fios ar a lucht oibre agus d’órduig dóibh an crann a ghearradh anuas. Ach ní corróchadh duine mar catoilicigh a bheadh iad go léir agus mheasadar go raibh an crann beannuighthe ó thárla é bheith ag fás comhgarach do’n tobar. Sa deire sholáthruigh sé tuagh dá mhac féin agus dubairt leisAn Ghlas Ghaibhneach