School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 060
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Is dubhach dealbh deórach an pósadh go gealladh dom go mé a ceangail lé sean-donán”
Amhrán:
Ó bhéal-aithris Rudhraí Uí Dhonnchadha, Cúimína’ bhric, Cluain Caoin, Cill-Áirne
A aois – 75-Gairm-bheatha-FeirmeóireachtIs beag dhealbh deórach an pósadh do gealladh dom
Go mé a ceangail lé sean-donán
Nuair a cuireadh le fórsadh i dtreo tighe an t-sagairt mé
‘Sé mo chroidhe atá atuirseach i dtaobh é a rádh
Ní thaitneann a shiubhal a lúth ná a sheasamh liom
A mhala troma, clúmhach ná a súile dearga
B’fearr liom-sa an t-óig-fhear do luigfeadh ar leabaidh liom
Is gur b’fhú dhom ar maidin a phóigín d’fagháil11.
A thoice gan eolas ba ró-mhór go mfearra dhuit
Luigheadh ar do leabhaidh is codhlad go sámh
Cailíní óga ag gnó is ag obair duit,
Is do chuigeann dá cnagadh leath-uair roimh lá
Seisreach no dhó bheith ag romhar is ag grafa dhuit,
Coirce ‘gus eorna id’ sgiobólaibh fé glasanna,
D’fhillín breágh nua dí móin go dtí an margadh
Nídh nár cleachtaigh is nár dúal d’fághail
111.
Dá gcuirfeá i gcóiste ag siubhal bóthar fada mé
Agus ór na gaethíbh do thabhairt im’ láimh(continues on next page)- Informant
- Rudhraí Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cummeenavrick, Co. Kerry