Amhrán: Ó bhéal-aithris Rudhraí Uí Dhonnchadha, Cúimína’ bhric, Cluain Caoin, Cill-Áirne A aois – 75-Gairm-bheatha-Feirmeóireacht Is beag dhealbh deórach an pósadh do gealladh dom Go mé a ceangail lé sean-donán Nuair a cuireadh le fórsadh i dtreo tighe an t-sagairt mé ‘Sé mo chroidhe atá atuirseach i dtaobh é a rádh Ní thaitneann a shiubhal a lúth ná a sheasamh liom A mhala troma, clúmhach ná a súile dearga B’fearr liom-sa an t-óig-fhear do luigfeadh ar leabaidh liom Is gur b’fhú dhom ar maidin a phóigín d’fagháil 11. A thoice gan eolas ba ró-mhór go mfearra dhuit Luigheadh ar do leabhaidh is codhlad go sámh Cailíní óga ag gnó is ag obair duit, Is do chuigeann dá cnagadh leath-uair roimh lá Seisreach no dhó bheith ag romhar is ag grafa dhuit, Coirce ‘gus eorna id’ sgiobólaibh fé glasanna, D’fhillín breágh nua dí móin go dtí an margadh Nídh nár cleachtaigh is nár dúal d’fághail 111. Dá gcuirfeá i gcóiste ag siubhal bóthar fada mé Agus ór na gaethíbh do thabhairt im’ láimhAn Ghlas Ghaibhneach