School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 628
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach go dtí an dríothár saidhbhir agus d'iarraidh lóistín air ach má dhéin ní bhfuair . D'imthigh sé agus bhí sé ag siúbhal leis agus cá gcasfaidhe sé ach isteach go dtí an dríothár bocht. D'iarr lóistín air ach má dhéin fuair agus fáilte. Bhí ochtar leanbh timcheall na teine agus bhuail bean an tighe an ciotal ar an dteine agus dhein sí braon téa do'n bhfear bocht. Chuir sí síos corcán prátaí ar an dteine do's na leanbaí agus nuair a bhiodar beirighthe d'itheadar iad agus gan aca leo ach grainne salainn. Dúbhairt an fear bocht leis fein nách gráinne salainn a bheidh aca istoidhche ambáireach. Ar maidin lá ar na bháireach d'fhág an fear bocht slán agus beannacht aca agus d'imthigh sé air. Bhí an oidhche thuithe go maith nuair a ghaibh an fera bocht isteach chúca agus caoire breágh reamhar ar a dhroim aige. Bhain sé an chraiceann dí agus dúbhairt le bean an tighe é chuir síos do's na leanbaí. Lá ar na bháireach d'fhág an fear slán agus beannacht aca agus d'imthigh. Tráthnóna an lae sin bhuail sé isteach chúca agus caoire eile aige agus an cleas ceadna leí. Bhí an fear bocht mar sin ar feadh(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry