School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 593
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)crios, fear na coise, cruaide, sé mo thruagh a bheith gan rith. (An bás).(4) cé mheid goib leagann an chearc ar an talamh sal a bhionn a sop ite aicí. (Aon ghob amhain).(5) Geasraínín bo buailte don síolfaidh sé Éire ar mhullach a chínn.
( Tairgne im bhróg).
(6) Póca sa gclúid agus a mhéar na shúil. (buidéal agus corca ann).
(7) Géag ar mbárr crinn agus ball dubh air a léicinn. (Coineall i gcoinleoir).
(8) Chuir mé mo chaoirín lomartha suas go bhaile Mhúgaire, déamhan cloch ná crann da raibh suas i mbaile Mhúgaire agus nár thuit síos ar mo chaoirín lomartha. (Práta idir fiaclaibh dhuine).
(9) Bó bhán ag siubhal na trágha laogh na diaidh agus í gan dáir.(Ton mhór agus ton bheag).(continues on next page)