School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 473
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Is cúis fé ndeara dom féinig mar d'fhágas ó Éire riamh”
(continued from previous page)Ní raibh súil lé'm anam aon nóiment i dtaisteal an bhóthair liom,
Acht mise ag agairt ar an Rí glórmhar mé stiúradh ins gach cómhgar cruínn.VBhí sioc agus sneachta dhá chatha agus mo chosa bhí cráidhte ón siúbhal,
Mo shúile ag sileadh mar an bháistaig nuair a chloisinn ghá rádh aca liom,
Ara Phaddy cad a thug tu sa n-áit seo,
Nó an fada ó thanghais chúghainn,
Mar a n-imigheóir arís amáireach geóm na do'n ngrán id chúl.VIMo shlán beó siar chun na hÉireann,
Agus mo ghasra séimh fhear shuairc,
Annsúd nár mhisde dom féinig eagla baol ná buairt,
Acht fluairse fairsinge agus féile ann agus an t-Aifreann naomhtha á riar,
An sagart na sheasamh i n-éil ann ag tabhairt teaghasg na bhéal ar Dhia.- Collector
- Pádraig Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Brigid Bean Uí Mhurchadha
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 44
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry