Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “An Chéad Mhanach a Bhí in Éirinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus d'iarr sí maitheamhnas air. "Á" adeir an naomh "is deas a rinne tú le Dia acht tá fearg ar Dhia leat". "Nach olc a chruthuigh tú leis an mbuin a chuir mise do na bochtaibh agus annsin dubhairt tú nách ndeárna Dia aon dá chnoc ariamh gan log a chur eatorra. Nach bhfuil dá chnoc déanta anois aige agus gan log eatorra". B'shin iad an dá chruit, ceann ar dhruim agus ceann ar bhrollach an pháiste. "Bhail" adeir an naomh "Ó tháinic tú chugam, tá truaigh agam duit agus ní chuirfidh mé chun bhealaigh aríst thú - bainfidh mé cruit amháin de'n ghasúr". Agus bhain. "B'feidir" adeir sé "go mbéidh an gasúr sin go maith do Dhia fós agus nuair a bhéas fearg Dé laighidighthe b'féidir go mbeadh sé go maith aríst."
    Annsin thug an bhean an gasúr beag abhaile agus bhí cómhnaidhe ortha láimh leis an gCrois. Agus nuair a bhí an mac ag eirighe bhí cruit uathbhásach ar a dhruim. Bhí an suim aige i ndéanamh bád agus chuile lá bhíodh sé thíos ag an loch á ndéanamh. Bhí na báid a bhí sé á dhéanamh ag dul i méid chuile lá go dtí sa deireadh rinne sé bád iomramha agus thug sé féin is a bheirt dhriothar a naghaidh ar an nGaillimh. Chuir siad futha i gCathair na Gaillimhe agus b'shin iad na céad manaigh a bhí sa tír.
    I ngeall ar an éalaing cuirp a bhí ar an mbuachaill dubhradh nach narbhóchaidhe [!] ariamh é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Glas Ghoibhneann (~76)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac an Ríogh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Tomás Seoighe
    Ainmneacha eile
    Tomás Seoighe
    Tomás Sheáin Mhóir Seoighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57