Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Agus ceart go leór tháinig an bhó go dtí an áit an t-seachtmhain in a dhiaidh sin. Bhí muinntir an bhaile ag teacht len a bleaghan acht ba chuma cén soitheach a thugaidís líonfadh an bhó go réidh é. Bhail thárla go raibh bean sa mbaile agus dubhairt sí go dtiubhradh sí féin soitheach nach líonfadh an bhó. Thug sí criathrach as a [?] dteach go dtí an baile agus ceart go leór dá mbeadh sí dá bleaghan ó shoin ní fhéadfadh an bhó an soitheach a lionadh.
An mhaidin dar gcionn bhí an bhó draoidheachta bailighthe leí agus bhí cruinniú ag naomh Phádraic san áit. Istigh i ngleann eadar dá chnoc a bhí an cruinniú agus ní fhéadfad lucht an bhaile 'na raibh an bhó a fheiceál. "Is é an feall e" adeir duine eigin leis an mnaoi a thug an crithar "Go bhfuil na cnuic sin ann nar [?] d'feicimís an cruinniú." "O" adeir an bhean "ní dhearna Dia aon dá chnuic ariamh gan log a fhágail eatorra."
Bhail an bhean adubhairt an chainnt seo thárla go raibh sí torrthach. Agus níor'b' fhada gur rug sí mac a raibh dhá chruit air. Nuair a chonnaic an mháthair é tháinig uathbhás uirthí. Dubhradh leí an naoidheanán a thabhairt go naomh Pádhraig, a phárdún a iarraidh agus go raibh seans go ndeanfadh sé rud eigín ar a son.
Bhí go maith. Chuaidh sí ag an naomh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac an Ríogh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Ainmneacha eile
- Tomás Seoighe
- Tomás Sheáin Mhóir Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57