School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 422
- XML “Seán agus Siúbhán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Shíl sí í do choinneál acht ghreamuigh sí di agus bhí sí féin ag imtheacht freisin nuair a chonnaic bean an tighe í agus shíl sí an bhó a chasadh acht ghreamuigh sí de'n chailín aimsire.
Nuair a chonnaic an garraidhtheóir gach a raibh ann aca cheap sé gur ag coinneál na bó a bhíodar agus chuaidh sé féın ag cuidiúghadh leó acht ghreamuigh sé de bhean an tighe.
Chonnaic an buachaill aimsire eisean agus ghread sé féin ag cuidiú' leis an ngarraidhtheóir. Ghreamuigh sé de'n chuid eile. Thosuigh Seán 'ghá dtiomáint leis tímcheall an tighe.
"'Nois," ar seisean sa deireadh, "nach bhfuil pléasámh déanta agam." "Ó leig amach as seo mé," arsa fear an tighe, "agus ní chuirfídh mé ceist arís go deó ort."(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Raghallaigh
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway