School: Cill Chiaráin

Location:
Kilkieran, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Mac Aoidh

Filter stories

Back
/ 631 Forward
Resolution: Low | High
An Bhaintreach agus a Triúr Mac

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 538

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ins an t-sean aimsir bhí baintreach i na comhnaidhe i dteach beag agus bhí triúr mac aice. Bhí sí roinnt bocht mar ní raibh a clann ag saorthú mórán airgid.
Aon lá amháin dubhairt an mac is sine go raibh sé ag dul ar thóir fortúin. Annsin rinne an mháthair cáca agus d'fiafhruaigh sí de cé mb'fhearr leis an leath mhór is a mhallacht ná an leath bheag is a beannacht. Tógfaidh mé an leath mhór is cuma liom beannacht ná mallacht maith go leor arsa an mháthair thug sí an leath is mó dhó. Bhuail sé bóthar annsin agus bhí an mháthair ag cur mallacht na dhiaidh

(continues on next page)
Collector
Máirtín Ó Níadh
Gender
male
Address
Kylesalia, Co. Galway
Informant
Máirtín Ó Chúig
Gender
male
Age
72
Language
Irish