School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 413
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'San am fadó bhí lanamhain ann agus bhí aon mhac amháin aca agus ní raibh an mac acht cúpla lá nuair a tháinig sgolgháire bocht isteach.
D'fhiafruigh an sgolgháire bocht cé an aois a bhí an páisde agus do h-innsigheadh dhó cé'n uair agus cé'n lá agus cé'n nóiméad de'n lá ar rugadh é. Rinne an sgolgháire tairingearacht annsin go marbhochadh an tóirneach an mac sin nuair a bheadh sé bliadhain agus fiche.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc nó go raibh an mac bliadhain agus fiche d'aois.
Fear saidhbhir a bhí in a athair agus tamall roimh an ám fuair sé fir oibre agus dúbhairt sé leó seomra a dhéanamh istigh in aill a bhí in-aice leis an teac.- Collector
- Máire Ní Raghallaigh
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway