Bhí lánamhain ar aimsir ag fear saidhbhir uair amháin mar bhí Seán agus Siúbhán. Bhí Seán ina a shean-fhear cropaighthe anois acht bhí Siúbhán roinnt óg, fós. Bhí an dearg ghráin ag Siúbhán ar a fear féin acht thaithnigh an garraidhtheóir thar cíonn léi. Ba maith le Siúbhán a fear féin a mharbhughadh acht ní raibh a fhios aici cé'n saigheas beairt a dhéanfadh sí suas le n-a chur chum báis. Faoi cheann támaill chuimhnigh sí ar bheart. Chuaidh sí go dtí an fear saidhbhir agus dubhairt sí leis. "Tá Seán i ndon 'chuile rud a dhéanamh acht iallach a chur air. Abair leis cúirt bhreágh a bheith déanta aige dhuit ar maidin."
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »