School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do réir na litre a chuir an Pápa Mártan V chuig na Doiminiceánaigh, 'sé Tomás Ó Ceallaigh a bhí in a easbog ar Chluain Fearta san am, agus bhí Príor nó Uachtarán ar an Mainistir i bPortomna cheana féin.
Sa 16 mhadh aois, níor fágadh Bráithre dár gcuid féin i mainistir Phort Omna agus i ngeall air sin cuireadh duine nó beirt as Baile Átha 'n Ríogh chuig an mainistir seo leis an áit a choinneál suas mar gurbh é Baile Átha 'n Ríogh an mhainistir ba ghoire dó i gCo. na Gaillimhe. Ach ar a shon sin is uilig d'fan Port Omna in a mainistir dí féin de réir dlighe na h-eaglaise.
In aimsin Eilíse, bainrioghan Shasana feáchadh le deir a chur leis na mainistreacha agus níor mhisde le Clainn Riocaird bheith réidh le brabach a fágháil as an droch-obair seo. Leag sé súil na sainnte ar mhainistir Phort Omna agus ar(continues on next page)