School: An Clochar, Port Omna

Location:
Portumna, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Lorcáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0057, Page 0221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0057, Page 0221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Port Omna
  2. XML Page 0221
  3. XML “Cúrsaí na hEaglaise i bPort Omna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuir Naomh Molaise cill ar bun dó féin san áit a bhfuil Lic Molaise nó "Church-Hill" air fá láthair. Ní fios cé h-é an Molaise seo nó an é a chuir an mhainistir ar bun ar Dhaimh-Inis i Loch Éirne. An fothrach teampaill atá ann fá láthair, níor tógadh é roimh an dómhadh aois déag agus fágann sin nach é an ceann a thóg Naomh Molaise é. Leic Molaise an t-ainm a bhí ar an teampall seo agus príomh-theampall an phobail a bhí ann nó gur tógadh "séipéal" i bPort Omna tar éis imtheacht na mBráthar as an mainistir i rith n h-ochtmhadh aoise déag.
    Dar le béal oideas na háite mhill saighdiúirí Chromuil é sa mbliadain 1650 nuair a chuir siad fútha i gCailseán Phort Omna. Chuir dream aca fútha sa teampall seo agus tá lochán uisge i gcomhnuidhe in aice le fothrach an teampaill, áit a bhfághadh siad deoch i gcomhair a gcuid capall: "Poll na nDragún" atá ar an lochán seo ó shoin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish