School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0336
- XML “Na Seantithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighthe ceann-tuighe ar fad a bhí le feiceál in aice le Portomna go dtí ochtmhoghadh bliadhain ó shoin. Tuighe cruithneachtain a chuiridís ortha i dtreo is nach mbri[s?]fidhe iad - agus sceimheal ann leis an mbraon a chaitheamh ón bhfalla. Bhíodh círín ar bhuaich an tighe.
Fallaí cré do bhíodh ionnta, deánta de chré bhuidhe. Nuair do bhíodh siad ag deánamh na bhfallaí chuiridís tuighe righin tríd an gcré agus nuair a chruadhadh an chré bhuidhe ba gheall le bric é.
Adhmad coille gan scúghadh a bhíodh aca i gcoir fraightheacha. Ní bhíodh aon tarrainge 'ghá gceangal dá chéile. Deintí puill tríotha agus cuirtí dula den dair tríotha sin. Cuirtí scrathacha anuas ar na fraightheacha agus annsin bhíodh an díon tuighe greamuighthe anuas air(continues on next page)