School: An Clochar, Port Omna

Location:
Portumna, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Lorcáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0057, Page 0334

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0057, Page 0334

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Port Omna
  2. XML Page 0334
  3. XML “Scéal Greannmhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí baintreabhach ann uair amháin in a comhnuidhe i dteach bheag le-n-a mac. Amadán do b'eadh an mac áirithe seo, agus ní raibh an bhean bhocht in ann rud ar bith a chur i gcéill dó.
    Lá amháin dubhairt sí leis, a dhul isteach ar an aonach agus an bhó a dhíol, acht an pinginn do b'aoirde a fhágháil uirthi. Chuala comharsa an sgéal agus shocruigh sé in a aigne féin go bhfuigheadh sé an bhó dó féin. Ar aghaidh leo - an bheirt. Bhí páirc an aonaigh lán de dhaoinibh, agus thiomáin an buachaill an bhó isteach roimhe go dí an pháirc. Níorbh fhada ann é nuair do tháinig an fear eile suas chuige agus bata droighinn in a láimh aige.
    "An mó atá ag taisteál uait ar an mbuin sin?" ar seisean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish