School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa mbliadhain 1882 sheadh tháinig na Siúireacha ar dtús. Chuireadar fútha i dteach bheag i sráid Bhreandáin Naomhtha, san áit in a bhfuil Bean Uí Bhreathnach in a comhnuidhe faoi láthair. Cheannuigheadar an teach ó fhear darbh ainm Seán Ó Cléir[ ]
I gceann cúpla mí d'osgladar sgoil i gcomhair na bpáistí - agus bhí clú agus cáil ar an Máthair Abb a bhí in a bhun - an tSr Máire Iosaibh le Muire Ní Pill[?] Bhí cuigear eile in éinfeacht léithi, agus ní féidir cur síos ar an saoghal cruaidh cráidhte a bhí aca ann ar feadh deich mbliadhain. Níorbh bocht go dtí iad agus an beagán do bhí aca, roinneadar ar na daoinibh bochta é. Mar sin fhéin chuireadar iad féin fá thearmainn na Maighdine Muire agus a Mac agus níor dhiultuigheadar a n-urnaighthe.
bhíodar in ann slighe mairtheachtana a bhaint amach, agus thug na daoine go léir(continues on next page)