School: An Clochar, Port Omna

Location:
Portumna, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Lorcáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0057, Page 0222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0057, Page 0222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Port Omna
  2. XML Page 0222
  3. XML “Cúrsaí na hEaglaise i bPort Omna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá lochán eile sa gcomhairsanacht seo - "Loch Uí Mhadadhain" - agus deirtear gurb é seo an áit a bhfuil clog an teampaill agus gur caitheadh isteach ann é i dtreó is nach mbeárfadh saighdiúirí Chromuil greim air.
    Bhí séipéal le fada i bPortomna fá choimirce Naomh Peadar agus Pól a bhain le manaigh Cisteircínigh mainistreach Dún Bruiadeadha i gCo. Loch Gormáin i bhFairce Fearna. Ós rud é gur fágadh an séipéal bán bhronn tighearna saoghalta na háite Ó Madadhain ar Ord Naoimh Doiminic é. Chuir na Doiminiceánaigh fútha san áit le ughdarás an Phápa. bhí teach acu le teampall, cloigtheach, roilig, agus na for-treaba ba riachtanach agus chuir siad ainm Naomh Muire air in éindigh le ainm Naomh Peadar agus Pól. Fuair siad deimhniú ón bPápa Martan V mar atá le feiceál i litir an Phápa féin fá'n mbliadhain 1426
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish