School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0009
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Capaillín san stábla agus é 'sna cosa anáirde agus gan aon chos ag corrughadh leis. Túirne Lín
Dhá bhó bhuidhe ar Cnoc na Gaoithe. Ceann sa ló agus ceann san oidhche? (An Ghrian agus an)
Chuartuigheas a's fuaireas. An Ghrian agus an Ghealach
'Furas dom é d'fhagháil
Rud nach bhfuair Dia
A's nárbh fhéidir leis d'fhagháil. Máigistir
Cé'n litir a dhéanann cloch de loch?
An litir C
Suas an bhóthar agus síos an bhóthar agus tá sé iompuighthe bun ós cionn? Táirnge
Chuaidh caora isteach i béarnáin,
Céad caora eile an maor a's an madadh
Cé mhéid cos é sin? Dhá cois.
Céard atá ag cárr nach bhfuil sé ag teasdáil uaidh agus nach féidir leis dul gan é? Torann
Bairille ar tráigh agus a dhá cheann dúnta? Ubh
Láir bhán sa loch agus ní fhliuchann sí a chos?
An Ghealach ag taithneamh ar an uisge.
Céard a dhéanfas péire bróg? Dhá bhróig.
Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith,
Beirt ar an gcarraig, beirt ag faire,
Agus fuip ag luascadh taobh thiar díobh? Bhó ag rith.
An difrigheacht idir scilling nuadh agus sean phinghin? Aon phingin déag.
Níl sé amuigh ort acht tá sé ort agus ní trom leat é? T-ainm.(continues on next page)