School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 457

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 457

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 457
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí inghean amháin aici. Ní leigfeadh an mháthair d'on cailín rud ar bith a dhéanamh.

    (continued from previous page)
    tugadh duithi an méid snáth a sníomh sí an roimh sin agus h-iarradh uirthi é a fhige roimh an oidhche. Ní rabh sí ábalta an snáth a fhighe agus thosuigh sí ag caoineadh. Ní rabh sí a bhfad gur mhothuigh sí bualadh taobh amuigh d’en doras. Fosgladh an doras agus tháinig bean agus lámh mhór uirthi isteach. D’Fiafruigh sí d’on cailín cá tuige a rabh sí ag caoineadh. D’innis an cailín an t-ádhbhar duithi. Fighfidh mise duit é arsa an cailleach, má thuibhairfeann tú cuireadh na bainse damh. Bhéarfaidh agus fáilte arsa an cailín. Thosuigh sí leis an (lámh mh) láimh mhór agus ní rabh sí i bhfad go rabh deireadh an snáth a lín-éadach aici. Dimthigh sí arais annsin. Tháinig an bhean eile isteach sa tráthnóna agus bhí lúthghar mhór uirthi nuair a chonnaic sí an lín-éadach uilig déanta.
    Ar maidin an [treas]? lae tugadh an cailín isteach a seomra eile agus fuair sí an méid lín-éadach a bhí fighte aici indé agus h-iarradh uirthi é a ghearradh agus léinte a dhéanamh de. Ní rabh (i) an cailín ábalta seo a dhéanamh agus thosuigh sí ag caoineadh. Sa deireadh mhothuigh sí bualadh ag an doras. Fosgladh an doras agus tháinig cailleach isteach a rabh srón uirthi comh mór le do dhá dhuirn. Rinne sí an margadh céadna leis an cailín a rinne an dá cailleach eile. Annsin thosuigh an cailleach ag gearradh agus ag fuigheall agus ní rabh sí abhfad go rabh deireadh déanta aici. Dimthigh sí annsin arais. Annsin tháinig an bhean eile isteach na seomra tráthnóna Bhí lúthgháir mór uirthi agus shocruigh sí lá na bainse. Tháinig lá na bainse agus thosuigh na daoine uilig ag tarraingt go teach an Ríogh. Ní rabh sé i bhfad go dtáinig cailleach na sgáige móire isteach. Tamall na dhiaidh sin tháinig cailleach na láimhe móire isteach na dhiaidh sin tháinig cailleach na sróine móire isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Nic Ghloinn
    Gender
    Female