School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 446

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 446

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 446
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Ins an tsean am bhí iasgaire bocht dar b'ainm Séamus Ua Frighill 'na chomhnuidhe ins na Rosaibh i gConndae Dhúin-na-nGall.

    Sean Sgéal.
    Ins an tsean am bhí iasgaire bocht dar b’ainm Séamus Ua Frighill’ na chomhnuidhe ins na Rosaibh i gCondae Dhúin-na-nGall. Bhí sé an bhocht mar a bhíonn na h-iasgairi uilig. Ní rabh aige ach aon mhac amháin dar b’ainm Páidín. Oidhche amháin dubhairt Séamus le na mhnaoi dá dtiocfadh leis beagán airgid a chruinnuighadh go stadfadh sé d’en iasgaireacht. Nuair a bhí sé ag cainnt tháinig bean go dtí an doras.”Go mbeannuigh Dia dhuit, a bhean chóir”, arsa Séamus. “Go mbeannuighidh Dia is Muire dhuit Fhéin” arsa an bhean chóir. “An bhfuigheadh mé lóistín annseo go maidin” arsa bhean “Gheobhaidh agus fáilte” arsa Séamus. D’fan an bhean siubhal i (gt) dtoigh Séamus Uí Frighill an oidhche sin. Ar maidin lá ar na bhárach nuair a bhí an bhean ag imtheacht dubhairt sí le Séamus. Nuair a bhí mé ag teacht isteach ar an doras aréir mhothuigh mé tú ag rádh nach rabh airgid ar bith agat. Dubhairt sí le Séamus. “Thug tú lóistín damhsa aréir agus díolfaidh mise thú ar a shon indhiu. Oidhche Shamhna seo chugainn fáigh seamróg na gceithre nduilleóg, agus cuir faoi do cheann é nuair a rachas tú a chodladh. I lár na h-oidhche béidh brionglóid agat, agus má tá ór i bhfolach ináit ar bith ins na Rosaibh [chéfedh]? tú é ins an bhrionglóid c’én áit a bhfuil sé. Ach Diarr sí ar Seamus gan a ghabhail a chóir an áit a rabh an t-ór, no gan é a innse do dhuine ar bith da ba mhian leis ádh agus ráth a bheith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Nic Néill
    Gender
    Female