School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 461

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 461

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 461
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí beirt ghasúr ann am amháin i n-Árann a bhí siad na gcomhnuidhe. Lá amháin dubhairt siad le na chéile cia bith duine aca a gheobhadh bás a chead uair go dtiocfadh sé arais le h-innse don fear eile caidé an cineál áit a bhí aige ar an tsaoghal eile.

    (continued from previous page)
    “Mar aingeal is na flaitheas atá ann pógfaidh sé an ribín agus mas diabhal is Ifrinn atá ann imtheochaidh sé. D’imthigh Eoghan arais agus casadh Tadhg do agus phóg sé an ribín. Annsin d’innis sé do Eoghan go bhfuigheadh sé bás mí ón lá sin. Chuaidh Eoghan na bhaile agus chuaidh sé a luighe, agus mí ón lá sin bhíodar ag iomchar a chuirp go dtí roilig Áranna, agus ba é sin deireadh comrádaidheachta na beirte.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seanscéal

    Bhí fear ann aon uair amháin. Fear an mhórtasach a bhí ann. Ní rabh mórán Béarla aige.

    Bhí fear ann aon uair amháin. Fear an mhórtasach a bhí ann. Ní rabh mórán Béarla aige. Nuair a labharfadh duine de na comhursanaigh leis in nGaidhilg bhinn bhlasta bhéarfadh seisean frragar i mbéarla air. La amháin chuir a athair chun an mhargaidh é le mála préaraí. Diarr sé air an mala a bheith arais leis. Ní rabh sé a bhfad gur dhíol se na préataí. Nuair a cheannuigh an fear na préataí thug sé an mála leis fosta. Annsin ní raibh an fear eile ábalta é a fheiceál. Ins an deireadh chonnaic sé é ag teacht is teach agus an mála leis. D'amharc an fear eile ar na leithreacha agus arsa seisean san deireadh "P for John righ enough." Ach go bé go bhfuil mé mó sgoláire ní bhéadh fhios agam sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Nic Ghloinn
    Gender
    Female