School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 524

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 524

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 524
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Bhí fear ann am amháin darb ainm do Magnus. Ba gnáth leis a bheith ar shiubhal leis achan oidhche.

    Sean Sgéal.
    Bhí fear ann am amháin darb ainm do Magnus. Ba gnáth leis a bheith ar shiubhal leis achan oidhche. Oidhche amháin. Bhí sé ag smaoitiadh cá h-áit a rachadh sé. Bhí fhios aige go rabh thiar agus thoir tuirseach de. Sa deireadh tháinig fear ag capall anuas an bealach mór. Dfiafruigh sé do Mhaghnus cá h-áit a rabh sé ag dul anocht. Dubhairt Maghnus na rabh sé ag dul bealach ar bith go rabh thiar agus thoir tuirseach do. Dubhairt an fhear “Go suas ar mo chúl annseo agus rachadh muid go áit nach rabh tú ann gho fóill. Níor stad go rabh siad ins an Spáinn. Dá mbéadh fhios agam go rabh sinn ag teacht annseo. Bhéadh airgid liom. Bhí mo mháthair ag cainnt (ag) ar ghiota de shíoda na Spáinne. Nach [bac]? leis an t-airgead seo cloch bheag agus caith ar an urlár é muna dtiubhraidh sé duit an téadach. D’imthigh sé isteach fa - choinne (na S) an t-éadach. Cá bhfuil an luach. Dubhairt sé na dtug sé airgead ar bith leis. Ní thig leat an síoda a fhághail. Chaith sé an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Nic Néill
    Gender
    Female