School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 577

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 577

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 577
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Bhí rí thall i Sasan uair amháin agus bhí sé ag chuir suas caisleán.

    Sean Sgéal.
    Bhí Rí thall i Sasan uair amháin agus bhí sé ag chuir suas caisleán. An mhéid a chuireadh deich fear suas ins an lá bhí sé leagtha ins an oidhche. Bheireadh sé deich bpúnnta do fhear ar bith dhfanóchadh agus a choinneóchadh ar shiubhal na fáthaigh go maidín. Bhí fear ar na Gleanntaí agus chualaidh sé an sgéal. Chuaidh sé anonn. Ní léigfeadh an Rí do suidhe go maidín. Dubhairt sé “gur siomaidh fear a shuidhe agus marbhadh iad. Suidhfidh mise arsa an fear. Shuidhe sé. I lár na h-oidhche tháinig trí fáthach. Is bréagh an giota atá deánta acu arsa siadsan. Acht ní bhéidh (muid) sinne ibhfad da leagant. D’imthigh siad agus fuair siad bolann agus mharbh siad é (agus) bhruith siad é agus dith é. Chuaidh siad a chodhladh. Nuair a bhí siad uilig na gcodhladh. Caith an gasúr beag a bhí thuas ar an teach cloch anuas ar dhuine do na fáthaigh agus bhuail sé é. Dubhairt sé leis an dhá fháthaigh eile mhá bhualann sibh mise arais marbhuigheadh mé sibh. Tamall na dhiaidh sin, caith an gasúr beag a bhí thuas cloch anuas agus bhuail sé é le cloch arais. D’éirigh sé. Ca tuige a bhuail sibh mé. Níor bhuail muid tú, dubhairt an fáthach. Má bhualann sibh mise arais marbhuigheadh mé sibh. Tamall eile na dhiaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Nic Ghloinn
    Gender
    Female