Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)253Éamonn Ó Siadail,
Doire Casain,
Na Dunaib.Tá an fear sin 64 bliadain do aois. Fuair sé an scéal sin o na athair sa'n bliadain 1825. - Toibreacha béannuithe.Tá tobar beannuithe amháin ins an Conndae seo darbh ainm tobar an Dúin agus téigheann daoine ar cuairt chuig an tobar sin fá choinne iad a leigheas dá mbéadh aicíd ar bith ortha. Téigheann siad ar chuairt ins an t-Samhradh go minic le iad cuid de uisge a fhaghail. Nuair a bhíonn siad fá leath mhíle de’n tobar bíonn aca le na bróga agus na stocaí a bhaint dobhta agus siubhal le na cuid cos ar an bhealach mór. Tá léigheas ag gach deor de’n uisge thobair an Dúin fá coinne gach aicid. Tá tobar eile thall i bhFánaid i Cill Drum agus níl duine ar bith a téigheann chuige a mbíonn a dhath orta, bíonn biseach ortha lá thar na bharach. Fágann gach duine Boinn, Coroin Mhuire agus rudaí eile mar sin ag an tobar na ndiaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Nic Giolla Bhrighde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Concubhair Mac Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Donegal