Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tá cuid mhór boithre ins an ceanntar seo mar tá ceann ag gabhail as seo go Craoslach, go dtí an Gleann, go Tearmann, go Rath Mealltain go Baile na nGallóglach agus go Leitir Ceanainn agus dó réir sin. An chuid is mó de na bóithre atá againn ins an ceanntar seo bá iad sean chasain a bhí ag na sean-daoine i bhfad ó shoin. Ní rabh bealaigh mhóra ar bith ag na daoine i bhfad ó shoin, bhí cásain aca i áit na mbealtach mór, seo mar nach rabh gluaistain mhóra ar bith aca. Na casain seo uilig a bhí ag na sean-daoine tá bealaigh mhóra déanta dóbhtha anois. Bhí casain ag gabhail as na Dúnaibh go Craoslach acht níl sé le feiceal anois. Bá casan a bhí ann a bhí ag na sean-duine i bhfad o shoin. Téigheann sé isteacht ag an teach ósta Rosapenna agus siar go Glaraigh. Ní baineann na daoine úsaid as anois mar tá bealach mór níos fearr ag gabhail go Craoslach. Tá bothair ag gabhail as na Dúnaibh go dtí an Taobh Thoir. Teigheann an bothair sin fríd na cnuic.(leanann ar an chéad leathanach eile)